← Bhí sí ansin lena máthair agus bhíodh sí i gcónaí deas béasach le gach duine. 🔊
← Bhí an-chion ag muintir an bhaile uirthi agus bhíodh sí ag caint leo go minic. 🔊
← Bhí an cailín beag chomh tógtha leis an gcochall gur ar éigean a bhain sí di é riamh. 🔊
← Maidin amháin ghlaoigh a máthair isteach uirthi agus thug sí ciseán di. 🔊
← Níl sí ar fónamh faoi láthair agus déanfaidh sé seo m aitheas di. 🔊
← Bhí cónaí ar a seanmháthair i dteach beag adhmaid sa choill ach ní raibh sí chomh fada sin ón sráidbhaile. 🔊
← An chéad rud eile chonaic sí mactíre mór gránna. 🔊
← Bhí sí go deas cineálta leis mar ní raibh a fhios aici go raibh sé dainséarach. 🔊
← "Dia is Muire duit," a d'fhreagair sí. 🔊
← Bheadh sí i bhfad níos blasta ná an tseanbhean. 🔊
← D'oscail sí an doras agus i bpreab na súl d'alp an mactíre siar í. Chuaigh sé ansin go dtí an cófra agus chuir sé air éadaí na seanmháthar. 🔊
← Chonaic sí go raibh an doras oscailte roimpi agus bhuail sí isteach. 🔊
← Chuaigh sí anonn go dtí an leaba agus bhí a seanmháthair ansin faoin bpluid agus a ceann clúdaithe aici. 🔊
← Mhúin sé sin ceacht do Chochaillín Dearg agus lean sí comhairle a máthar as sin amach. 🔊